Oideachas Tumtha | Immersive Education

Is córas tumtha atá i bhfeidhm sa scoil seo. Nuair a thagann an páiste ar scoil i Naíonáin Shóiseartha déantar iad a thumadh sa teanga. 'Sí an Ghaeilge teanga na scoile. Déantar an comhrá ar fad leo trí mheán na Gaeilge. Déantar na himeachtaí ar fad sa scoil a reachtáil trí mheán na Gaeilge.

Bunaíodh 'Gaelscoileanna' thart ar 30 bliain ó shin chun athbheochaint a dhéanamh ar an teanga trí í a labhairt. Tá borradh dochreidte tagtha ar an ngluaiseacht agus tá Gaelscoil i mbeagnach gach baile mór sa tír sa lá atá inniu ann. Cuirtear gach gné de chultúr na hÉireann chun cinn sa Ghaelscoil, mar shampla Gaoluinn, cluichí Gaelacha, ceol agus rince.

De réir taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, áirítear i measc bhuntáistí an chórais:

  • Buntáistí cognaíochtúla agus gnóthachtáil mhéadaithe curaclaim: Bíonn cumas intinne níos fearr ag an bpáiste/dalta agus mar sin torthaí níos fearr
  • Níos éasca teangacha eile a fhoghlaim: Forbróidh daltaí an dá theanga agus ní bheidh aon drochthionchar d’fhorbairt ceachtar teanga ná d’aon ábhar eile sa churaclam, msh. Fraincis, Spáinnis, Stair, Ealaín, nó eile
  • Bíonn páistí/daltaí líofa agus liteartha i dhá theanga: Deir na saineolaithe idirnáisiúnta gur fearr na scileanna litearthachta a aistriú ó mhionteanga go mórtheanga seachas a mhalairt
  • Scileanna cumarsáide níos fearr, cruthaitheacht agus íogaireacht chumarsáide
  • Rachaidh páistí/daltaí i dtaithí agus i bhféinmhuinín ar a gcultúr féin, rud a chabhraíonn le muinín agus diongbháilteacht féiniúlachta
  • Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta: Is scil ar leith é obair a dhéanamh i dteangacha éagsúla
  • Beidh tuiscint agus ómós ag páistí/daltaí ar chultúir éagsúla: Spreagann an córas seo tuiscint níos doimhne ar chultúr eile agus sa tslí seo cruthófar tuiscint ar chiníochas agus agus léireofar ionbhá.
  • D’fhéadfaí bónasmharcanna a thabhairt d’iarrthóirí a fhreagraíonn scrúdú scríofa Ardteiste trí Ghaeilge
Beal 04
2026
Lá Bealtaine - May Day
Beal 19
2026
In-service Training/ScoilDúnta/School Closed
Beal 23
2026
Chéad Chomaoineach - First Communion
Meith 01
2026
Meitheamh - June Holiday
© 2026 Gaelscoil Inis Córthaidh